Skip to main content

Cúrsaí FGL

CPD Courses.

Conas Áirithint a Dhéanamh

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil sé riachtanach clárú ar an suíomh Gréasáin seo ar dtús chun d’áit a chur in áirithe ar ár gcúrsaí.

Nuair a bhíonn tú ag clárú, bain úsáid as do sheoladh ríomhphoist pearsanta seachas ríomhphost na scoile.

Ansin, is féidir leat logáil isteach ag baint úsáide as do sheoladh ríomhphoist nó d’ainm úsáideora agus do phasfhocal agus do chúrsa a chur in áirithe.

Nuair a bheidh tú cláraithe, seiceáil do r-phost agus bí ag faire amach don ríomhphost "Cúrsaí FGL Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar - Do Shonraí".

How to Book

Please note it is essential to register on this website first in order to book your place on our courses.

When registering please use your personal email rather the school email.

You can then login using your email address or username and password and book your course.

Once registered check your email and look out for the email "Dublin West Education Centre CPD Courses - Your details"

Fóram Feasa: Tascanna trasteangeolaíocha – Dearadh tascanna T1

Fóram Feasa: Tascanna trasteangeolaíocha – Dearadh tascanna T1
  • An múinteoir ábhair tú in iar-bhunscoil lán-Ghaeilge?
  • An bhfuil tú fiosrach maidir le ról an Bhéarla sa seomra ranga?
  • An bhfuil spéis agat foghlaim conas teacht i dtír ar théacsanna/ar fhíseáin i mBéarla chun an teagasc trí Ghaeilge agus tuiscint ar an ábhar a chur chun cinn?

Díreofar ar na nithe sin i sraith ceardlann a bheidh ar siúl ar líne, Dé Máirt, 11, 18, 25 Samhain agus 2 Nollaig.  Bronnfar teastas ag deireadh na sraithe.

Aidhm: Ceardlann 4: Tascanna trasteangeolaíocha – Dearadh tascanna T1

Sa cheardlann seo beidh deis ag rannpháirtithe tascanna trasteangeolaíocha a dhearadh iad féin bunaithe ar fhíseáin agus ar théacsanna a chuirfidh siad féin ar fáil roimh ré. Pléifear go sonrach le conas díriú ar aschur i nGaeilge agus na tascanna á ndearadh.

Cainteoir: An Dr Ailín Ní Chonchúir

Nóta beathaisnéise

Tá an Dr Ailín Ní Chonchúir ag obair le Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ag plé le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh ábhar teagaisc. Tá spéis ar leith aici in oiliúint do mhúinteoirí – múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí cáilithe araon. Tá sí bainteach le fada le teagasc, le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh siollabas ag iliomad leibhéal den chóras oideachais – an leibhéal bunscoile, an leibhéal iar-bhunscoile, an suíomh luathoideachais, an tríú leibhéal agus an earnáil aosoideachais, chomh maith le teagasc na Gaeilge thar lear. Bhain a taighde dochtúireachta le gnéithe d’úsáid an Bhéarla sa suíomh iar-bhunscoile lán-Ghaeilge.

Course Details

Course Date 02-12-2025 7:00 pm
Course End Date 02-12-2025 8:30 pm
Cut off date 02-12-2025 12:00 pm
Fee Free
Select Hours 1.5
Speaker Dr Ailín Ní Chonchúir
Location Online