Tabharfar léargas ar Eoinín na nÉan agus An Bóthar go Santiago. Oiriúnach do mhúinteoirí Gaeilge atá ag ullmhú daltaí ardleibhéal agus gnáthleibhéal do chúrsa na hArdteistiméireachta 2027.
Ag deireadh an tseimineáir seo, beidh rannpháirtithe in ann:
● téamaí, mothúcháin agus brí lárnacha na scéalta a shoiléiriú
● príomhtheicnící próis agus gnéithe teanga a aithint agus a mhíniú
● freagairt phearsanta agus léirmhíniú criticiúil na ndaltaí a threorú
● daltaí a ullmhú go héifeachtach do cheisteanna scrúdaithe próis
● tascanna ranga a dhearadh chun scileanna scríofa agus scrúdaithe na ndaltaí a fheabhsú
Please note that the Zoom link for this webinar will be emailed to registrants on the day of the course event. Tabhair faoi deara le do thoil go seolfar an nasc Zoom don seimineár gréasáin seo chuig cláraitheoirí ar lá an chúrsa.
Is comhoibriú idir Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar, Ionad Tacaíochta Oideachais na Carraige Duibhe, Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach, Ionad Tacaíochta Oideachais Chill Dara agus Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise an seimineár gréasáin SAOR IN AISCE seo le Siobhán Ní Mhurchú, agus tá sé oiriúnach do Mhúinteoirí Iar-bhunscoile.
| Course Date | 21-04-2026 7:00 pm |
| Course End Date | 21-04-2026 8:00 pm |
| Cut off date | 21-04-2026 3:00 pm |
| Fee | Free |
| Select Hours | 1 |
| Speaker | Siobhán Ní Mhurchú |
| Location | Online |